Fáilte go Cois Fharraige
Cill Chaoi, Co. an Chláir - 5,6,7 Meán Fómhair 2008

Hi gach éinne
Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le gach duine a cheannaigh ticéid chuig Cois Fharraige i mbliana. Don dara bhliain as a chéile chabhraigh bhur dtacaíocht linn féile den scoth a chruthú. Sibhse, an lucht tacaíochta, agus an fáilte croíúil a chuir muintir Chill Chaoi romhainn ba chúis leis an ‘vibe’ iontach a bhí ann. Léirigh na bannaí iad féin, a raibh am iontach acu ar fad le linn na deireadh seachtaine, an méid sin. Dúirt Travis go raibh an taispeántas a rinneadar oíche Dé Domhnaigh sa séú háit ina gcairt de na 10 gigeanna ab fhearr a rinneadar ariamh agus chuir Seasick Steve agus Supergrass in iúl dúinn cé chomh mór agus a thaitin an t-am a chaitheadar i gCo. an Chláir leo.
Tá súil againn gur bhain sibhse an taitneamh céanna as an bhféile agus a bhaineamar féin, agus tá súil againn sibh go léir a fheiceáil ag Cois Fharraige arís an bhliain seo chugainn!
Go raibh maith agaibh go léir.

