Fáilte go Cois Fharraige
Féile Cois Fharraige ainmnithe sna Dámhachtain Féilte Ceoil Éireannacha
Le na Dámhachtain Féilte ag teacht go luath, ainmniú an Féile Cois Fharraige 2008 do 5 dámh, san áireamh an Féile Beag is fearr agus an Ceann line is fearr.
Don dara bhliain bhí ticéid don féile díolta amach arís le ealaíontóir ceoil chomh mór le The Zutons, Supergrass, Travis, Seasick Steve agus The Futureheads a bhí go léir ag shaint i Cill Chaoi, Co. Clár, mí Mean Fómhair seo chaite.
Chun vóta a caitheamh do Féile Cois Fharraige tabhair cuairt chuig an suíomh www.irishfestivalawards.ie

Hi gach éinne
Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le gach duine a cheannaigh ticéid chuig Cois Fharraige i mbliana. Don dara bhliain as a chéile chabhraigh bhur dtacaíocht linn féile den scoth a chruthú. Sibhse, an lucht tacaíochta, agus an fáilte croíúil a chuir muintir Chill Chaoi romhainn ba chúis leis an ‘vibe’ iontach a bhí ann. Léirigh na bannaí iad féin, a raibh am iontach acu ar fad le linn na deireadh seachtaine, an méid sin. Dúirt Travis go raibh an taispeántas a rinneadar oíche Dé Domhnaigh sa séú háit ina gcairt de na 10 gigeanna ab fhearr a rinneadar ariamh agus chuir Seasick Steve agus Supergrass in iúl dúinn cé chomh mór agus a thaitin an t-am a chaitheadar i gCo. an Chláir leo.
Tá súil againn gur bhain sibhse an taitneamh céanna as an bhféile agus a bhaineamar féin, agus tá súil againn sibh go léir a fheiceáil ag Cois Fharraige arís an bhliain seo chugainn!
Go raibh maith agaibh go léir.

